Séasúr na Scoildrámaíochta buailte linn agus síol á chur arís i dtalamh méith

Is éachtach an obair a dhéantar go deonach gach bliain le deis a thabhairt do dhaoine óga dul ar stáitse i bhféilte an Chumainn Scoildrámaíochta

Séasúr na Scoildrámaíochta buailte linn agus síol á chur arís i dtalamh méith

Bhain aisteoirí Ghaelscoil Uí Dhrisceoil, Gleann Maghair, Contae Chorcaí, Comórtas 8 in 2016 lena léiriú, ‘Is Liomsa na Camáin’. Ina dteannta tá a múinteoir, Malachaí Mac Amhlaoibh. Ó chlé: Aaron Ó Súilleabháin, Eoin Ó Súilleabháin, Cathal Ó Donnabháin, Ceolí Ní Longáin, Mae Ní Éireamháin agus Calvin Ó Donnabháin

Tá suas le 10,000 duine óg ó achan chearn den tír ag glacadh páirt i bhféilte an Chumainn Scoildrámaíochta na laethanta seo, agus cuirfear breis agus daichead de na drámaí agus de na ceoldrámaí is fearr ar an ardán le linn na Féile Náisiúnta san Áras Ealaíon sa Mhuileann gCearr ag deireadh mhí Aibreáin agus ag tús mhí na Bealtaine.

Is é an mana atá ag an Chumann Scoildrámaíochta ná ‘saol páistí scoile a ghealadh trí mheán na drámaíochta Gaeilge’. Eagraíonn an Cumann, atá faoi phátrúnacht Aire na Gaeltachta, féilte drámaíochta le drámaí trí Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá 18 comórtas ar fad ann, iad dírithe ar bhunscoileanna, ar scoileanna iar-bhunoideachais agus ar chlubanna óige. Tá deich gcinn de na comórtais dírithe ar pháistí bunscoile, ag brath ar mhéid na scoile agus ar aois na bpáistí. Tá trí cinn de na comórtais dírithe ar na hiar-bhunscoileanna. Tá roinn faoi leith ann do cheoldrámaí ina bhfuil ceithre chomórtas agus roinn faoi leith ann do chlubanna óige.

Níl a mhacasamhail de chomórtas náisiúnta ann trí mheán an Bhéarla agus is comórtas eisceachtúil é atá ar siúl ó 1934. Bunaíodh an Cumann i mBaile Átha Cliath Dé Aoine, 9 Feabhra 1934.

Reáchtáladh an chéad fhéile in dhá ionad, Teach an Ardmhéara agus an Foresters’ Hall, Cearnóg Parnell, ó 21 go 23 Meitheamh 1934. Léiríodh 16 dráma – ó Bhaile Átha Cliath, ó Chorcaigh, ón Chlár, ó Loch Garman, ó Mhuineachán, ón Muileann gCearr, ó Ghaillimh agus ó Mhaigh Eo. Sé chomórtas ar fad a bhí ann, ceithre cinn acu do scoileanna a raibh os cionn triúr oidí ag múineadh iontu agus dhá cheann eile do na scoileanna beaga.

Nach mór a d’athraigh an saol!

Taobh amuigh de na blianta 1942 go 1952, blianta an chogaidh agus na héigeandála, lean an Cumann leis an dea-obair agus bhí Féile Náisiúnta ar siúl gach bliain. Ba in Amharclanna éagsúla i mBaile Átha Cliath a bhí an Fhéile Náisiúnta ar feadh na mblianta – Amharclann an Gheata, an Olympia, Amharclann John Player agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach – agus ó 2002 san Ionad Ealaíon sa Mhuileann gCearr. I measc na ndrámadóirí a bhí mar mholtóirí ag an Fhéile Náisiúnta, bhí Éamonn Guaillí, Séamas Caomhánach, Rae Mac an Ailí, Mícheál Ó hAodha, Tomás Mac Anna, Pádraig Ó Siochrú, Pádraig Ó Néill, Traolach Ó hAonghusa, Áine Uí Dhrisceoil, Peadar Ó Luain, Áine Ní Mhuirí, Seán Stafford, Maebh Nic Giolla Íosa, Paddy Flood agus Mike Lally.

Tá 18 d’fhéilte áitiúla ar siúl ar fud na tíre le cúpla seachtain anuas agus leanfaidh siad go lár na míosa seo.

Faigheann na drámaí is fearr ainmniúchán chuig na Féilte Cúige agus beidh An Fhéile Náisiúnta ar siúl san Áras Ealaíon, An Muileann gCearr ón 26 go 28 Aibreán agus ón 2 go 4 Bealtaine.

Bronntar na duaiseanna gach bliain sa Celtic Suite i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath.

Tugann Roinn na Gaeltachta suim airgid don Chumann gach bliain. Ardaíodh an deontas ó €40,000 in 2015 go €45,000 in 2016.

Is éachtach an obair a dhéantar go deonach gach bliain le deis a thabhairt do dhaoine óga dul ar stáitse. Tá na cuspóirí céanna ag an Chumann agus a bhí i mbliain a bhunaithe:             1.‘labhairt na Gaeilge d’fhorleathnú i measc na ndaltaí scoile’

  1. ‘gealadh do dhéanamh ar shaol na scoile’
  2. ‘suim sa Drámaíocht Ghaeilge d’fhoirbiú sna daltaí’.

Ag Iubhaile Órga an Chumainn i 1984, dúirt an Dr Pádraig Ó hIrghile, Uachtarán na hÉireann: ‘Na daoine díograiseacha a bhunaigh an Cumann  Scoildrámaíochta, chuir siad síol i dtalamh méith a sholáthraigh fómhar flúirseach. Is mór atáimid faoina gcomaoin. Thug a ngníomh sampla a spreag na mílte.’

Tá an cleachtadh tosaithe cheana féin.

Tá cuid mhór drámaí nua scríofa ag múinteoirí agus ag daltaí. Beidh scoláirí Gaeltachta agus Galltachta páirteach agus cuid mhór drámaí ó Ghaelscoileanna ar fud na tíre, ar an dá thaobh den teorainn. Ba í Gaelscoil na gCrann, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain a bhain Scothléiriú na Féile Náisiúnta in 2014 le dráma nuascríofa dar teideal Istigh i mo chroí tá neart. Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde, Baile Átha Cliath, a sciob an Chraobh in 2015 agus ba é an Ceoldráma Rí na Leon a thuill an phríomhdhuais do dhaltaí Scoil Mhuire, Ros Comáin in 2016.

Cinntíonn coimhlint agus comórtas go mbíonn na léirithe ar ardchaighdeán sna féilte, go háirithe ag an Fhéile Náisiúnta, bliain i ndiaidh bliana. Ach ní hí an choimhlint is tábhachtaí ach an deis a thugtar do dhaltaí a bheith páirteach i ndráma Gaeilge agus an spreagadh agus an fhéinmhuinín a fhaigheann siad.

Na Féilte Cúige:

Féile Chonnacht: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, 7-10 Márta

Féile Laighean: An tIonad Ealaíon, An Muileann gCearr, 13-15 Márta

Féile Uladh: Ionad an Mhargaidh, Ard Mhacha, 23-24 Márta

Féile na Mumhan: Amharclann Glór, Inis; agus Amharclann an Pháláis, Mainistir Fhear Maí, 14 Márta