Ó DHÚCHAS: Céadaoin an Luaithrigh – sa tráth sin bhíodh iachall orthu a gcuid tae a ól dubh gan rian bainne uirthi

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Inniu Céadaoin an Luaithrigh, a thagann díreach i ndiaidh na hInide…

Ó DHÚCHAS: Céadaoin an Luaithrigh – sa tráth sin bhíodh iachall orthu a gcuid tae a ól dubh gan rian bainne uirthi

Inid

Tosaíodh Inid Lá Nollag Beag agus críochnaíodh sé an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh, sin Máirt na hInide. Pósadh na daoine i rith na haimsire sin. Théadh na daoine go háit i bparóiste na tuaithe ar a nglaoitear ‘An Patrún’ agus dhéanadh siad na cleamhnais ansin. Dá bhfeicfeadh fear ón áit seo bean ó áit eile oiriúnach i gcomhair pósadh ní thagadh siad abhaile gan iad a bheith pósta lena chéile. Nuair nach mbíodh airgead ag daoine chun an spré a thabhairt do chailín is amhlaidh a thabharfaidís beithígh don fhear chéile. Bhíodh cóisir mhór acu nuair a bhídís ag dul chun pósadh.

Máirt na hInide

Dé Máirt na hInide an lá deireanach d’Inid. Lá mór spóirt is ea an lá seo. Bailíonn buachaillí óga na háite isteach sa bhaile nó sa chathair an tráthnóna agus gach buachaill agus cailín oiriúnach nár pósadh ar feadh na hInide chasaidís téada mór timpeall orthu agus thiománaidís go dtí Sceilg iad. Dhéanfaidís pancóga an oíche sin, sin sean nós agus bhíodh an-spórt acu á chaitheamh suas féachaint cé acu a bheadh oiriúnach i gcomhair pósadh nó cé acu nach mbeadh.

Céadaoin an Luaithrigh

San anallód bhíodh na daoine níos Críostúla ná mar atá siad anois. Sa tráth sin bhíodh iachall orthu a gcuid té a ól dubh gan rian bainne uirthi. Níorbh fhéidir leo im a thógaint ná uibheacha a thógaint i gcomhair na béilí. Théadh daoine a raibh creideamh maith acu go hAifrinn an lá seo chun an luaithreach beannaithe a fháil.

Bailitheoir: Síle Máire Ní Dhuigín

Faisnéiseoir: Seán P. Ó Dhuigín

Áit: Cill Orlgan, Ciarraí