‘Níl aon séanadh air ach gur ceist pholaitiúil í ceist na Gaeilge’ – An Dream Dearg

Teachtaireacht toghcháin scaipthe ag brúghrúpa teanga i gceann de na nuachtáin is mó díol ó thuaidh

‘Níl aon séanadh air ach gur ceist pholaitiúil í ceist na Gaeilge’ – An Dream Dearg

Níl aon séanadh air ach gur ceist pholaitiúil í ceist na Gaeilge, a deir an brúghrúpa cearta teanga An Dream Dearg i bhfógra leathanaigh a foilsíodh inniu i gceann de mhórnuachtáin an tuaiscirt, an Irish News.

Seo an chéad uair riamh ag eagraíocht Ghaeilge fógra leathanach iomlán a cheannach san Irish News, ceann de na nuachtáin is mó díol ó thuaidh.

In eagrán an lae inniu den nuachtán, tá ‘Teachtaireacht ó An Dream Dearg’, an brúghrúpa teanga atá ag éileamh cearta teanga ó thuaidh, “chuig an mhórphobal, chuig na meáin agus chuig gach ionadaí polaitiúil ó thuaidh, chuig Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine”.

Sa teachtaireacht, cuireann an grúpa síos ar stair na teanga, ag rá nach dtuigeann lucht cáinte ‘pholaitiú’ na teanga an comhthéacs stairiúil a bhaineann leis an nGaeilge.

“Is ceist pholaitiúil í an teanga leis na céadta [bliain] agus í mar phríomhsprioc ionsaithe cultúrtha le linn ghabháil agus choilíniú na hÉireann,” a deir siad.

“Seasann pobal na Gaeilge in éadan na biogóideachta, na héadulaingthe agus an fhuatha agus éilíonn sochaí níos ionchuimsithí, níos forásaí agus níos aibí trí chéile,” ar siad.

San fhógra, luann An Dream Dearg ‘an díobháil don dul chun cinn’, an ‘leatrom’ agus ‘an cur ó dhoras’ atá roimh lucht na Gaeilge ainneoin na gcomhshocruithe éagsúla atá in ainm is a bheith ag caomhnú na teanga, Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn, san áireamh.

“Éilíonn muid mar sin ar an chéad fheidhmeannas comhroinnte cumhachta eile Acht Gaeilge a rith, agus i gcás  moille, éilíonn [muid] ar Westminster an t-acht a chur i bhfeidhm de réir a ndualgas aitheanta i gComhaontú Chill Rímhinn. Ní mór do Rialtas na hÉireann a ról mar chomhshínitheoirí Chomhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh.”

Mhínigh Ciarán Mac Giolla Bhéin ó An Dream Dearg gurb é ba chúis leis an fhógra ná an fonn a bhí orthu “ár scéal, ár stair agus ár n-éilimh a chur os comhair an phobail”.

“Tá éachtaí déanta ag pobal na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus le blianta fada, trí stocaireacht leanúnach, éifeachtach ar son ár gcearta agus aitheantas a fháil ón stát. Creidimid go bhfuil muid beagnach ann anois agus cheap muid go gcuideodh sé go mór linn aird an phobail a dhíriú ar an cheist seo lá roimh an toghchán.

“Beidh cainteanna ag titim amach go luath anseo, dar linn, agus ba mhaith linn a chinntiú go leanfaidh an tacaíocht a fuair muid go dtí seo ar aghaidh le linn na gcainteanna sin agus go ndéanfaidh na páirtithe ar fad beart de réir briathar agus go mbainfidh siad Acht Gaeilge amach.”

Dúirt Mac Giolla Bhéin go leanfaí leis “an stocaireacht agus an fheachtasaíocht ar na sráideanna sna míonna amach romhainn”.

“Ba mhaith linn feasacht an mhórphobail a ardú faoi chás na teanga agus fáilte a chur rompu tacú linn san am atá le teacht.”

Ar an Irish News amháin a foilsíodh fógra An Dream Dearg de dheasca easpa airgid.

“Bhailigh muid an t-airgead chun costas an fhógra a chlúdach trí dheonacháin ón phobal agus cheap muid, leis na hacmhainní teoranta atá againn, gur leor ceann amháin ag an phointe seo.

“Dar ndóigh, dá mbeadh aon duine ná dream sásta tacaíocht a chur ar fáil dúinn ba bhreá linn é a chur amach i nuachtáin eile!” arsa Mac Giolla Bhéin. 

Is amárach a rachfar chun na botháin vótála do thoghchán an tionóil ó thuaidh. Tá ceist na Gaeilge go mór i mbéal an phobail ó thús an fheachtais toghchánaíochta agus Sinn Féin agus an DUP go háirithe in adharca a chéile faoin éileamh ar Acht Teanga agus faoin gcostas a bhainfeadh lena leithéid.