LÉIRMHEAS DRÁMAÍOCHTA: Seo chuigainn scéal grá le Enda Walsh, cuirigí oraibh na criosanna sábhála!

Tá Enda Walsh sa phríomhroinn le fada, agus cuirfidh Arlington [a love story] lena chlú

LÉIRMHEAS DRÁMAÍOCHTA: Seo chuigainn scéal grá le Enda Walsh, cuirigí oraibh na criosanna sábhála!

Arlington [a love story], le Enda Walsh in Amharclann na Mainistreach

In Arlington [a love story], déanann Enda Walsh an deighilt thraidisiúnta idir dráma, na hamharcealaíona, agus na fuaimealaíona a scriosadh. Tá gach duine den fhoireann léirithe i gcroílár an dráma – gach duine díobh ar comhchéim cruthaitheachta.

Ní ann do Arlington [a love story], cheal gach duine den fhoireann uilig.

Agus a leithéid de chriú a tharraing Walsh chuige féin! An cumadóir Teha Teardo, a chum dhá scór do mo rogha stiúrthóir scannán, Paulo Sorrentino, A Family Friend (2006) agus Il Divo (2008) a fuair ainmniúchán Oscar.

Tá cuisle na linne i gcóiréagrafaíocht Emma Martin. An bhfuil éinne sa tír níos ab fhearr a d’oirfeadh? Ní léir dom go bhfuil.

Agus cad fán gcaoi a gcuireann dearadh soilse Adam Silverman, dearadh video Jack Phelan agus dearadh fuaime Helen Atkinson dearadh stáitse Jamie Vartan ag preabarnaíl beo beathach os ár gcomhair! Cleasanna soilse agus fuaime ar an nua-nós. Is pearsantachtaí iontu féin iad an seit, an soilsiú, an fhuaim agus an video. Léimeann siad chun beatha agus saol dá gcuid féin acu.

Is daonlathach an túr cruthaitheachta atá tógtha ag Enda Walsh an dul seo bíodh is gur tíorántacht dhiostóipeach san am atá le teacht is ábhar don dráma. Táimid i bhforsheomra ifrinn, agus, toisc gurb é Enda Walsh a thug ann sinn, cuirigí oraibh na criosanna sábhála!

Coimhthiú, sáinniú, scoiteachas, aonaracht, anord, cíor thuathail, an greann ropánta Chapliniúil, an síorfhanacht, an fuadar mire, bagairt thíoránach na cumhachta, seomra nach bhfuil aon éalú as, fearais nach bhfuil aon bhrí fágtha iontu, cumhacht agus ainchumhacht, fearg agus éadóchas – is níl ansin agat ach an chéad deich nóiméad.

Ach, tá áille agus dóchas agus saoirsí péarlacha na samhlaíochta chomh maith céanna ann. Agus an greann dubh agus an diongbháilteacht. Tá na tréithe sin ina gcranna foirtil don té atá i mbun a shlánaithe. Agus tá cruthaitheacht álainn an choirp ann mar chuidiú do dhuine ‘to keep on keeping on’, in éadan agus in ainneoin gach briseadh, gach scrios is gach treascairt a fhulaingíonn sé.

Ar nós Whitman fadó, ceolann Enda Walsh an corp leictreach. I gcás Arlington [a love story], thar aon cheann eile dá dhrámaí, is é an corp, (a chumas rince sa chás seo) an eochair is fearr slánaithe i mbosca uirlisí an duine.

I seomra feithimh, i dtúr, i gcathair san am atá le teacht, fanann ‘Isla’ (Charlie Murphy) lena cinniúint. Seomra feithimh bán antaiseipteach. Tá ceamara faire i ngach ceann de na ceithre chúinne. Tá raidió beag ar an urlár, tá planda mór, tá trí chathaoir phlaisteacha, agus tá umar mór éisc gan aon iasc ann. Umar a phléascann ina bheatha, as a stuaim féin, ó am go chéile.

Nochtar an seomra stiúrtha, lasmuigh den seomra feithimh, ar chlé. Tá fear faire nó riarthóir faire nua ann, Hugh O’Conor, (Young Man) ar comhaois le Isla. É neirbhíseach, is giorra anála air.

Tá Isla, atá sna luath-thríochaidí, ina haonar sa seomra ó bhí sí ceithre bliana d’aois. Í ag fanacht go nglaofar a huimhir. Tá uirthi labhairt lena riarthóir trín gcóras fuaime. Í ag cumadh a cuid brionglóidí, agus á n-insint don té lasmuigh. Tá dualgas air siúd cabhrú léi. Agus chun na brionglóidí sin a ghríosú, teilgeann sé sraitheanna pictiúr isteach ar an mballa chuici, a léiríonn físrian agus fuaimrian a beatha.

Deir ‘Young Man’ go bhfuil na brionglóidí sin á dtógáil di sna túir eile amuigh sa chathair, ach tá an-amhras ar Isla faoi sin anois. Thit na dallóga den fhuinneog ar maidin agus chonaic sí mná, mar í, á gcaitheamh iad féin chun a mbáis amach as fuinneoga i dtúr eile.

Tá Charlie Murphy ilchumasach. Tá an-raon go deo ag bean Loch Garman. An dubh agus an geal inti, chomh maith leis an tost inmheánach agus an t-anbhá mire, críonnacht na mná fásta agus réchúis shoineanta na girsí. Sásaíonn sí gach éileamh ealaíonta a iarrann Enda Walsh uirthi. Agus tá aici freisin an bhreisluach a thagann leo siúd gur ansa leo bheith ag dreideáil sna dúichí inmheánacha. Scothaisteoir, i mbarr a maitheasa.

Ardaíonn Hugh O’Conor agus pearsanú eaglach, mire an riarthóra aige an cheist – cad as don neirfís sin? Ní foláir nó go bhfuiltear ag faire ar an bhfear faire. Diaidh ar ndiaidh – I like your voice – after your head and shoulders it is probably what I like best about you’ – éiríonn siad mór lena chéile. Cabhraíonn sé léi éalú, agus íocann sé go daor as.

Agus cad faoin mír is neamhghnáthaí ar fad sa dráma – eadarlúid rince Oona Doherty, fiche neomat ar fhad, ina lár? Sin é an meall raiceála duit, ar lán luas.

Ní gach n-aon a fhéadfadh an briseadh croí atá lárnach sa dráma seo a thabhairt léi ar stáitse coinbhinsiúnta an Abbey, gan oiread agus focal a úsáid, ach le ceol agus fuaimrian, físrian agus cóiréagrafaíocht. Éiríonn leis an mír seo ciall shiabhaigneach a bhaint as nádúr dubh an ghaibhnithe aonair, agus an chaoi ina dtéann an staid sin i gcionn ar anam an duine.

Raghainn ar ais chun líofacht sholúbtha coirp agus anama Oona Doherty, rinceoir, a bhlaiseadh athuair. Éacht na hoíche, dar liom.

Más ansa leat dul ag válcaeireacht ar an taobh tuathail, seachas bheith ar snámh leis an sruth, tabharfaidh Arlington [a love story] dúshlán fiúntach duit.

Tá Enda Walsh sa phríomhroinn le fada, agus cuirfidh seo lena chlú. Bulaí drámadóra.