Léamhthuiscint 10 – Mais, c’est quoi un Cathaoirleach?

Léamhthuiscint 10 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 10 – Mais, c’est quoi un Cathaoirleach?

1) Baineadh stad, agus an-stad, asam an lá eile agus mé ag éisteacht leis an raidió. Duine de chomhairleoirí contae Chiarraí a bhí ag caint agus é á chásamh aige nár thug an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil aon toradh ar achainí na gcomhairleoirí go gcaithfí an téarma ‘Cathaoirleach’ i dtraipisí mar theideal ar phiarda mór Chill Airne agus an téarma deas béasach ‘Mayor’ a úsáid ina ionad. Chuir sé iontas orm go mbeifí ag taobhú le téarma iasachta in ionad téarma deas dár gcuid féin. Dar le comhairleoirí áirithe nach raibh ciall ná réasún ag baint le bheith ag iarraidh an téarma Cathaoirleach a mhíniú do thurasóirí bochta. Dar leo ní féidir leis na turasóirí seo, a thagann go dtí Cill Airne ós na ceithre hairde agus ar a bhfuil eacnamaíocht an bhaile ag brath, aon téarma eile a thuiscint, is cuma cad as a dtagann siad, ach ‘mayor’.

2) Cuireann an ‘cathaoirleach’ mearbhall orthu, agus ní thuigeann siad gur le polaiteoir mór le rá a bhíonn siad ag caint nuair a chasann an cathaoirleach orthu. Caithfidh go bhfuil na turasóirí dall ar an slabhra óir a bhíonn ar an gcathaoirleach chomh maith. Ní thuigimse dearcadh na gcomhairleoirí ach is dearcadh é a nochtar anois agus arís sa tír seo, go háirithe i gcúrsaí turasóireachta.

3) Creidtear gur chóir aon ghné dhúchasach dár sochaí a cheilt d’fhonn turasóirí a chur ar a gcompord. Creidtear gur eispéireas Angla-Mheiriceánach atá ó thurasóirí, gur bac é oidhreacht agus cultúr na tíre ar dhóthain pinginí a chrú uathu. Dar leis an dtuiscint iarchoilíneach seo, níl aon áit ag mórchuid dár bhféiniúlacht i ngnó na turasóireachta, seachas b’fhéidir pionta pórtair a chur os a gcomhair. Is a mhalairt ar fad atá fíor.

4) Téann daoine ag taisteal chun cultúir, pobail agus oidhreachtaí nua a bhlaiseadh. Ní théann aon duine ag taisteal chun an t-eispéireas ceannann céanna is atá acu ag baile a fháil. Tá ár gcultúr féin againn sa tír seo – ár gceol is ár n-amhráin féin; ár litríocht is ár mbéaloideas féin, ár gcluichí is ár dteanga féin. Sin atá á lorg ag an-chuid dár gcuairteoirí seachas tír a bheadh ag déanamh aithrise ar thír éigin eile. Tamall de bhlianta ó shin, le linn ré an Tíogair Cheiltigh, tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaoine ón mBreatain a bhí ag teacht chun na tíre seo. Dhein Fáilte Ireland suirbhé ar na cúiseanna a bhí laistiar de seo, agus i measc na bhfáthanna a nochtadh, bhí sé seo a leanas: cheap an Briotanach go rabhamar róchosúil leis féin agus go mb’fhearr dóibh a gcuid laethanta saoire a chaitheamh sa Lake District nó sna Cotswolds seachas teacht thar bóchna. Nuair a bhíodar in Éirinn, ní raibh le cloisint acu ach Béarla, sacar nó sobaldrámaí Sasanacha ar an dteilifís i ngach tábhairne, fish ‘n chips agus lasagna i ngach bialann; popcheol ar gach raidió, na siopaí céanna. B’amhlaidh siúl síos Sráid Grafton nó Opera Lane agus a bheith ag siúl síos Oxford St. Bhí clagarnach báistí ag titim anuas orthu formhór an ama. Cén fáth a gcuirfidís costas mór orthu féin chun a leithéid a fháil, nuair atá sé ar leac an dorais acu ag baile?

5) Is macalla beag é conspóid seo an chathaoirligh/an mhéara de ghné áirithe de chonspóid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair, agus iarracht den chiníochas ag baint leis. Ní féidir ‘cathaoirleach’ a mhíniú d’eachtrannaigh dhúra, sa tslí chéanna nach féidir leo bailte le hainmneacha Gaeilge a aithint ar mhapaí. Tugtar le tuiscint dúinn nach bhfuil ag taisteal ar fud na tíre seo ach amadáin agus óinseacha agus nach bhfuil meabhair ná ciall acu chun aon rud nua a fhoghlaim dóibh féin. Go bhfóire Dia ar aon duine acu a théann trí thimpiste go dtí an Fhrainc nó an Iodáil – thitfeadh an t-anam astu láithreach san aerfort.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth ar baineadh geit as an údar? (alt 1)
  2. Cén fáth a raibh na comhairleoirí ag iarraidh fáil réidh leis an téarma ‘cathaoirleach.’? (alt 1)
  3. Cén fáth a luaitear slabhra óir in alt 2?
  4. Cén fáth a measann daoine áirithe gur cheart gach gné dhúchasach a cheilt ar mhaithe le turasóirí? (alt 3)
  5. Dar leis an údar cén ghné dár gcultúr is féidir a chur os comhair turasóirí? (alt 3)
  6. Cén fáth a dtéann daoine ag taisteal de réir alt 4?
  7. Cad a thug suirbhé Fáilte Ireland le fios? (alt 4)
  8. Cén rud nár thaitin le lucht na Breataine faoi Éirinn? (alt 4)
  9. Cén chomparáid a luann an t-údar in alt 5?
  10. Cén fáth a luaitear an Fhrainc agus an Iodáil in alt 5?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 5.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir láithreach in alt 3.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
  • (An + Faigh) tú go leor bronntanas do do bhreithlá?
  • (Siúil) mé abhaile liom féin amárach.
  • (Tosaigh + muid) ar an obair sin an tseachtain seo chugainn.
  • (Ceistigh + briathar saor) gach duine faoin eachtra sin.
  • (Ní + Feic) siad aon duine amárach. 

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cúrsaí turasóireachta i do cheantar
Céard is féidir a dhéanamh leis an turasóireacht a chur chun cinn i do cheantar/in Éirinn.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair moltaí, cuir tuairimí in iúl, déan cur síos ar thurasóireacht i do cheantar, tabhair comhairle.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.