Leabhra Feabhra: moltaí ó shaoistín thar tír isteach

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ós rud é go bhfuil ‘Leabhra Feabhra’ buailte linn, breathnaíonn ár gcolúnaí ar thraidisiún dá leithéid a bunaíodh san Ísiltír breis agus ceithre scór bliain ó shin

Leabhra Feabhra: moltaí ó shaoistín thar tír isteach

Tá an 1 Feabhra buailte linn arís agus tá Leabhra Feabhra á heagrú don tríú bliain as a chéile. Mar scríbhneoir agus mar léitheoir Gaeilge, guím gach rath ar an bhféile. Mar shaoistín thar tír isteach, tá moladh nó dhó agam chun an fhéile a dhéanamh níos fearr fós!

Ón mbliain 1932 ar aghaidh, eagraítear an Boekenweek, nó ‘Seachtain na Leabhar’, i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Le trí bliana anuas is imeacht trasteorann í, agus Flóndras (an chuid ó thuaidh den Bheilg ina labhraítear Ísiltíris) san áireamh freisin. Scátheagraíocht siopaí leabhar agus foilsitheoirí leabhar, an CPNB, a eagraíonn an fhéile bhliantúil seo, agus a deartháirín beag, ‘Seachtain na Leabhar do Pháistí’. Aidhm an Boekenweek, gan dabht, ná litríocht na hÍsiltírise a chur faoin spotsolas. Ós rud é go bhfuil na ceithre scór slánaithe aici mar thraidisiún, shíl mé go ndéanfainn cur síos ar ghné nó dhó den fhéile a dhéanann imeacht di a bhfuil cion mór ag an bpobal uirthi, agus a n-éiríonn léi spéis sa léitheoireacht a spreagadh dáiríre.

Gan dabht is é ‘Féirín Sheachtain na Leabhar’ an ghné is tábhachtaí den Boekenweek. Leabhar gairid nuascríofa é seo (úrscéal gearr nó aiste fhada, bíonn 29,000 focal / 96 leathanach ann) a bhronntar ar chustaiméirí siopaí leabhar san Ollainn agus i bhFlóndras nuair a chaitheann siad os cionn €12.50 ar leabhair eile. Glacann NS, Iarnróid na hÍsiltíre, le Féirín Sheachtain na Leabhar mar thicéad traenach ar Dhomhnach Sheachtain na Leabhar. Is minic cheana a chaith mé an lá sin ag taisteal fud fad na tíre, nach mór saor in aisce, le leabhar i mo lámh! 

Is maith leis an NS an ceangal idir taisteal traenach agus léitheoireacht a bhuanú; ní hamháin go dtugann comhlacht na dtraenacha urraíocht do Sheachtain na Leabhar, ach is iad mór-urraithe cheann de mhór-ghradaim litríochta na hÍsiltíre, an NS Publieksprijs. (An bhfuil sibh á léamh seo, a Iarnród Éireann?)

Bíonn téama ar leith ag baint leis an bhFéirín gach bliain. I measc na scríbhneoirí ar iarradh orthu Féirín Sheachtain na Leabhar a scríobh le blianta beaga anuas bhí Geert Mak, Kader Abdolah agus Connie Palmen. Herman Koch, údar an leabhair mhórdhíola The Dinner, a scríobhfaidh Féirín na bliana seo. Gan dabht, onóir mhór do scríbhneoirí coimisiún a fháil chun an Féirín a sholáthar.

Más imeacht pobail é Féirín Sheachtain na Leabhar agus an taisteal traenach a bhaineann leis, imeacht do phlúr aos dána na hÍsiltíre agus Flóndrais is ea an Boekenbal, Scléip Mhór na Leabhar, a eagraítear go hiondúil in Stadsschouwburg Amsterdam, amharclann mhór na hardchathrach. Bíonn aird na meán ar an imeacht sin toisc gur minic rírá agus ruaille buaille ann: tharla sé cheana go ndeachaigh scríbhneoirí a raibh faltanas eatarthu sna doirne ar an oíche. Bíonn cuireadh ag teastáil chun freastal ar an imeacht agus bíonn oiread conspóide ag baint le riaradh na gcuirí sin gurbh éigean ‘Scléip Mhór na Scríbhneoirí ar Diúltaíodh Dóibh’ a eagrú béal dorais, in amharclann Paradiso, le blianta beaga anuas.

Ar bhealach is maith ann an rírá, an ruaille-buaille agus an chonspóid a chothaíonn an dá imeacht sin (ar ndóigh, tá faltanas idir ‘Scléip Mhór na Leabhar’ agus ‘Scléip Mhór na Scríbhneoirí ar Diúltaíodh Dóibh’). Ciallaíonn sé go mbíonn litríocht na hÍsiltírise sna ceannlínte ar a laghad oíche amháin sa bhliain!

Ní mholfainn an chonspóid mar chuspóir ann féin, ach cá bhfios nach bhféadfaí úsáid éigin a bhaint as múnla Boekenweek na hÍsiltíre agus Fhlóndrais, agus imeachtaí dá leithéid i dtíortha eile, chun traidisiún Leabhra Feabhra a fhorbairt tuilleadh amach anseo. Nárbh aoibhinn an 1 Feabhra a chaitheamh ag taisteal ar thraenacha na hÉireann agus ‘Féirín Leabhra Feabhra’ i do ghlaic? Mar bhuntáiste sa bhreis, d’fheicfeadh an saol mór go bhfuil léitheoirí Gaeilge ann dáiríre!