‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’ – thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí

Chuir comhrá a chuala sé ina raibh an Ghaeilge ina ceap magaidh ag triúr fear óg an phip ar ár gcolúnaí

‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’ – thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí

Bhíos istigh sa bhaile mór an lá eile agus mé d’iarraidh smacht a choimeád ar leanaí in ollmhargadh peataí (táid beag a ndóthain fós le go gcreideann siad mé gur ag dul don zú atáimid nuair a thugaim isteach i siopa peataí iad). Bhí sé chomh maith agam bheith d’iarraidh an taoide a thaoscadh le píce.

Ach ar aon chuma agus mé ag gabháil timpeall an tsiopa ráinigh dom triúr fear, fostaithe sa tsiopa, agus iad i mbun comhrá. Cúrsaí teanga a bhí acu á bplé, an teanga seo againne. Balcaire fir, spadalach agus scroibliún a bhí i dteannta a chéile. Ní raibh aon oidhre orthu ach bairille pórtair idir dhá pholla teileafóin.

‘Jaysus,” arsa an balcaire, “I haven’t a word of it!’
‘I’d know bainne,’ a deir an spadalach, ‘Oh and peil’.
‘And airgead, don’t forget the airgead,’ arsa an fealsúnaí scroibliúin. ‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’

Seo leis an triúr acu agus iad tite ag gáire fén méid seo, ar nós scata garsún a mbeadh comórtas eatarthu cé acu is faide a bheadh ábalta a mhún a scairdeadh.

Neosfad an fhírinne daoibh, chuir sé an phip agus conach agus pus agus an ghoimh agus fearg orm. Seo mo theanga, ár dteanga, agus gan inti ach ceap magaidh. An teanga le ceann de na traidisiúin litríochta is saibhre agus is ársa san Eoraip, ceann de na teangacha is sine atá fós á labhairt, teanga atá ina cuid lárnach dár bhféiniúlacht mar Ghaeil. Ach don dtriúr fear eolgaiseach seo, níl inti ach plobaireacht leanbaí.

Níl aon dabht orm ach gurb í meaisín an mharaithe, an córas oideachais, a d’fhág againn daoine agus an tuiscint seo acu (más tuiscint an focal ceart) ar ár dteanga. Seo triúr go raibh sé de chuma ar a gcuid cainte go raibh an Ardteist déanta acu uile. Má dhein, sin 42 bliain a chaitheadar eatarthu ag foghlaim na teanga. 42 bliain, agus gan faic dá bharra acu ach leathdhosaen focal. Nach bhfuil rud éigin as alt ansan?

Feictear dom go bhfuilimid sáinnithe ar saghas ‘merry-go-round’ agus mearbhall agus míobhán orainn. Nuair a chloistear duine éigin ag cáineadh staid na Gaelainne sa chóras oideachais, éirímid cosantach, cuirimid ina gcoinne agus ní bhíonn aon ghéilleadh againn dá gcuid cainte.

Ná hathraigh faic, dhera, tá sé ‘sound’.

Agus bliain i ndiaidh bliana tagann leathchéad míle dalta amach as na scoileanna seo agus i ndiaidh coicíse ní bhíonn a bhformhór in ann muga tae nó buidéal beorach a ordú as Gaelainn.

Ach ní orthu atá an locht.

Tá scata acu agus bíonn an t-ádh leo go mbíonn dea-mhúinteoirí acu ós na naíonáin bheaga aníos, múinteoirí a bhfuil tuiscint acu ar an teanga agus í go líofa acu. Bíonn rian dhea-obair na múinteoirí seo le feiscint ar mheon a ndaltaí. Ráineodh go bhfuil scata agaibh ag léamh Tuairisc.ie inniu toisc go raibh múinteoir bunscoile nó meánscoile agaibh a mhúscail bhur suim sa teanga.

Ach tá a mhalairt fíor d’an-chuid dár gcomh-Éireannaigh.

Conas a bheadh teanga ar do thoil agat, nó meas agat uirthi, mura bhfuil an teanga san ag do mhúinteoir?

Níl ciall ná réasún leis seo mar chéipear. Chloisfeá ábhair múinteoirí ar a gcúrsaí Gaeltachta agus gan iad ábalta comhrá a bheith acu i nGaelainn, agus tá na daoine céanna ag dul ag múineadh na teanga do leanaí na tíre laistigh de chúpla mí? An nglacfaí leis sin in aon ábhar eile? Ach tá rud amháin cinnte, ní bheadh post ag mo sheanmhúinteoir matamaitice mura mbeadh cur amach aige ar John Joe Pythagoras, fé mar a thugadh sé ar an nGréagach cliste.

Rud eile (agus b’fhearra dom é seo a rá os íseal nó lámhachfar mé), b’fhéidir go bhfuil sé in am againne, mar phobal teanga, féachaint athuair ar cheist na Gaelainne éigeantaí ag leibhéal na hArdteiste.

Fan bog, tóg bog é, nílim iompaithe im’ Kevin Myers nó im’ Ian Doherty fós. Ní fhéadfadh éinne againne, go bhfuil meas againn ar ár dteanga, a bheith sásta le córas a fhágann go bhféachann daoine, a bhíonn á staidéar, uirthi mar a bheadh neascóid ar a dtóin inti. Níor chóir dúinn glacadh leis go bhfuil ár dteanga-ne ina ceap magaidh ag daoine. Fad is a bhaineann sé le teagasc na Gaelainne, is dóigh liom go mbíonn pé maitheas nó díobháil déanta fén dtráth go mbíonn an dalta sé bliana déag. Dá mbeadh córas againn a chuirfeadh, mar shampla, timirí timpeall go dtí  na bunscoileanna, múinteoirí a bheadh líofa sa teanga agus inniúil ar conas í a mhúineadh i slí dhearfach, thaitneamhach, in ionad múinteoirí gan Gaelainn a bheith ag múineadh Gaelainne, nach mó seans a bheadh ann go mbeadh fonn ar dhaoine leanúint léi mar ábhar don Ardteist?

Pé leigheas atá air mar scéal, ní féidir linn a bheith ag déanamh an ruda céanna bliain i ndiaidh bliana agus a bheith ag súil go mbeidh  toradh éigin difriúil ar ár saothar. Dá bhféadfaí an córas a fheabhsú, agus dá ndéanfaí amhlaidh laistigh de, abair, deich mbliana, bheinn féin toilteanach go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaelainne don Ardteist. Tá gean agus urraim, stádas agus meon uasal tuillte ag an nGaelainn, ní fuath agus cleithmhagadh.

Beidh siad ann i gcónaí agus beidh an ghráin shaolta acu ar ár dteanga – d’fhéadfá do thóin a chur ar an dtine agus bheadh do chaid amuigh agat ar feadh lae is lán bliana, agus ní athróidh san. Ach caithfear iarracht éigin a dhéanamh nó ní bheidh de chaidreamh ag scata daoine leis an teanga ach a bheith ag magadh faoi fhógraí Gaelainne an LUAS.

Ní maith liom bheith ag scríobh rómhinic ar chúrsaí teanga –an Gael Gaelacha ag labhairt as Gaelainn fén nGaelainn™ – ach spreagann an fhearg chun pinn uaireanta mé.

Anois caithfead imeacht uaibh, mar is dóigh liom go bhfágas duine de na gearrcaigh im’ dhiaidh sa tsiopa peataí…