Is iontais do ‘20th Century Women’ na mionrudaí beaga laethúla a thugann brí agus dínit dúinn

Tógann Mike Mills a chuid scannán le taise. Níl ribe feirge ann, ná smut den mheiti-néaróis a chleachtann Woody Allen

Is iontais do ‘20th Century Women’ na mionrudaí beaga laethúla a thugann brí agus dínit dúinn

Abbie (24), le Jamie (15), ag cur comhairle air mar gheall ar Julie (17) –

‘You cannot let her sleep here if she’s not having sex with you. It is disempowering.’

Táim an-tógtha le Mike Mills. An té a thug dúinn Beginners (2010). Bhain Christopher Plummer Oscar as, le seanleaid a tháinig amach as an gcófra in aois a 75 bliain. Bunaithe ar athair Mills, mar a tharla.

Fealsúnaí é Mills: is iontais dó na mionrudaí beaga laethúla a thugann brí agus míniú agus dínit dúinn. An comhrá seo, an béile siúd; an argóint seo, an éiginnteacht siúd. Is iad na tarlúintí beaga na heipeafáiní móra, na mionmhíorúiltí.

Thar aon rud eile, ceolann Mike Mills naofacht choisricthe na coitiantachta.

Beart is ea an bheatha ina bhfuilimid páirteach, dar leis. Ní rud néata í. Tá sí práisciúil, casta, éiginnte. Oibríonn rudaí amach, agus ansin, b’fhéidir nach n-oibreoidh siad a thuilleadh.  ‘There’s a hard period, and then it gets better, and then it gets hard again,’ arsa Dorothea 20th Century Women – turnamh ceanúil ar na seachtóidí déanacha.

Máthair shingil í Dorothea, an leathchéad go maith aici, an fear céile imithe le fada le bean óg. ‘I am sexually and socially obsolete and my husband is not…I’m supposed to fulfil my small functions – and vanish’.

Tá cúig bliana déag ag an aon mhac Jamie (Lucas Jade Zumann). Cónaí orthu i seanteach mór cois farraige, i Santa Barbara. Cuma phatuasal ar an bhfoirgneamh – athchóiriú reatha, anois is arís, á dhéanamh air. Sníonn Mills an meafar isteach is amach le héadroime oilte, de réir mar a oireann.

Is aisteoir fuirste anama í Annette Bening: cothaíonn sí Dorothea ón taobh istigh. Anuas air sin, crochann sí na miondeismireachtaí pearsanta – faisean na haoise, na seachtóidí, na cuaráin Birkenstock is na toitíní miontal Salem. Agus macalla bhlianta a maitheasa féin – Louis Armstrong agus Benny Goodman, fuaimrian a beatha. Is í Bening ionchollú Dorothea.

Maidir le Mike Mills, más litir ómóis é Beginners don athair, ’sí Dorothea, agus 20th Century Women an dán mór ceana dá Mham.

Más ansa le Dorothea Sinatra, tá Jamie óg suaite leis an bpunc-rac, le Black Flag agus Talking Heads. ‘She’s from The Depression’, ar seisean, mar mhíniú ar an mháthair, amhail dá mba thír iasachta í. Rud atá fíor.

Osclaíonn 20th Century Women le spléachadh siar: tá Jamie, an leanbh mic i ngoradán ospidéil. Guthú Dorothea – ‘There were animals, and trees, and music; you’d fall in love, have passion, have meaning.’

Ach, mo léan dóite. Tá Jamie anois ag fulaingt trína-chéileachas na ndéaga: grá gan freagairt, i dtaca le gnáthchlampair eile na mblianta sin. Is tá Dorothea bocht fágtha lasmuigh, eochair an dorais isteach chuige caillte aici.

‘Its 1979 and nothing means anything, and I know you less every day.’

Aithním inti, i measc rudaí eile, ceann d’oibseisiúin Mheiriceá sna seachtóidí – an dearg-eagla nach féidir le bean shingil buachaill déagóra a thógáil go sásúil gan tionchar oiriúnach fir air. Níl aon fhear ag Dorothea. Is iar-hipí fadghruagach é William (Billy Crudup)  – ‘I make my own shampoo’ – an tionónta thuas staighre – meicneoir seanghluaisteán agus,  b’fhéidir, céile leapan ócáidiúil Dorothea, (níl sin iomlán soiléir d’aon turas). ’Sea, tá William an-deas, an-úsáideach, ó am go chéile, ach níl sé ‘iomlán oiriúnach’ mar eiseamláir fhireann do Jamie.

Ach tá seift ag Dorothea. Iarrann sí lámh chúnta ar bheirt bhan óg. Abbie (Greta Gerwig), an tionónta eile atá aici, grianghrafadóir óg, punc-ghruaig mharún uirthi, atá tagtha slán ón ailse cheirbheacs, agus Julie óg (Elle Fanning), buanchara Jamie ón leanbhaois, seacht mbliana déag aici siúd.

Bheidís siúd ina gcranna foirtil aige, mar gur treise triúr ban ná náid fear. Thabharfaidís aire dó. Agus is in oibriú amach na móimintí eatarthu uilig a luíonn draíocht an tour-de-force lách, fealsúnach, eiseach seo scannáin.

Diabhal scéil ann sa bhrí thraidisiúnta. Diabhal struchtúr traidisiúnta inste ann ach oiread, cheapfá. Ach bheadh dul amú ort ansin.

Tá Jamie i ngrá le Julie, codlaíonn sí leis gach oíche. ‘But I am too fond of you to have sex with you’, ar sise. Taispeánann sí dó, áfach, conas ‘siúl cool fearúil’ a chleachtadh. Agus conas toitín a chaitheamh le ‘cool’ agus dainséar agus cuma liom.

Tugann an grianghrafadóir Abbie ar téar chuig punc-hallaí na mórchathrach é. ‘I gave him beer, and told him how to verbally seduce women’, ar sise le Dorothea, ‘and you’re not mad at me?’

Tá carachtair uile Mills cáiréiseach faoi ghoilliúnacht an duine eile. Agus ‘scileanna na beatha’ á roinnt ag Julie agus Abbie ar Jamie, tá seisean ag faire amach dóibhsean chomh maith.

Le linn scanradh toirchis Julie, ar cheann dhrochiompar leaid eile, is é Jamie a cheannaíonn an ‘Pregnancy Test For Women Seeking to Take Control of their Lives’ i ngan fhios di. Agus is é Jamie a théann chun an ospidéil le Abbie le torthaí a cuid fiosraithe ailse d’fháil.

Caith anuas air sin raidhse seanghluaisteán, ceol na ndaichidí, ceol na seachtóidí, faisean an dá ré, macallaí Thráth Buile an Ghrá, béilí fada scaoilte Dorothea, óráid ‘Crisis of Confidence’ Jimmy Carter (1979), sleachta as litríocht Ghluaiseacht na mBan, gach éinne ag dul sa seans, mná ag caint faoi aimsiú an bhrillín agus bealaí éascaithe súnáis  (sea, tús-ré na bhféidearthachtaí saoirsithe ban, deireadh ré na seanchinnteachtaí fireanna) agus ‘one-liners’ mharfacha Mills ag teacht go tiubh, ceann i ndiaidh a chéile – agus fós, níl agat ach an blaisín beag.

Tógann Mills a chuid scannán le taise. Níl ribe feirge ann, ná smut den mheiti-néaróis a chleachtann Woody Allen agus na donnsrónaigh smartálta a d’éalaigh amach fá bhun a chlóca siúd.

Go dtuga Dia mo bheatha dom go dtaga an chéad saothar eile ón té a dúirt –

‘All my films are about people trying to figure out who they really are. Not who there supposed to be. Not who they’re told to be’.

Bulaí fir, a Mhaidhc M.