‘Greenhorn’ as an Spidéal a d’fhoghlaim nach ionann i gcónaí ‘dunk’ agus rud a dhéanfaí le Marietta!

Seal a chaith sé i mBostún ina óige a mhúscail suim ár gcolúnaí sna spóirt is mó a bhfuil tóir orthu sna Stáit Aontaithe, rud a fhágfaidh gur beag de chodladh na hoíche a gheobhas sé Dé Domhnaigh seo chugainn…

‘Greenhorn’ as an Spidéal a d’fhoghlaim nach ionann i gcónaí ‘dunk’ agus rud a dhéanfaí le Marietta!

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Murach seal a chaith me i mBostún i m’óige is ar éigean go gcaillfeadh mé aon bhlas de chodladh na hoíche le dul ag breathnú ar Super Bowl an Domhnaigh seo chugainn idir na Patriots agus na Atlanta Falcons.

Nuair a leaindeáil mé sa gcathair sin bhí mé aineolach go hiomlán ar spóirt na bPoncánach. Ní raibh a fhios agam nár leis an gcrosfhocal amháin a bhain an ‘second down’, shíl mé gurbh ionann ‘home plate’ agus an ceann ar shín do mháthair do dhinnéar agat air sa mbaile agus bhí mé ag ceapadh go mba leis an Marietta a shá sa gcupán tae amháin a bhain an ‘dunk’!

Ach mar a deir an seanfhocal, ‘fág an tír nó bí sa bhfaisean’ agus in áit ina bhfuil tóir as cuimse ar an spórt ní raibh agam ach tosú ag foghlaim.

Bhí scoth an mhúinteora agam, fear darbh ainm Charlie, a bhí pósta ag duine muinteartha de mo chuid agus a chónaigh ar an dara hurlár san áras ina raibh mé féin.

Togha lúthchleasaí ab ea é féin agus é ag éirí aníos agus ba é an baseball an cluiche ab ansa leis an bhfear seo arbh as Conamara a thuismitheoirí, mar ab amhlaidh i gcás a bhean chéile.

Thóg Charlie an ‘greenhorn’ faoina choimirce agus de réir a chéile mhínigh na bunrialacha a bhain le spóirt a thíre dúchais dó. D’fhreastalaíodh muid ar chluichí na Red Sox anois agus arís, ach ba sheasc an giodán talún é Fenway Park i dtús na 1970idí, tráth ar chinn ar na Stocaí déanamh níos fearr ná an dara háit ina sraith féin, ní áirím seans a fháil ar an World Series nach raibh buaite acu ó 1916.

Ba mhinic freisin muid ar an Traein Oráiste ag triall ar an Boston Garden, áit a mbíodh cluichí cispheile na Boston Celtics ar bun agus cluichí haca oighir na Boston Bruins.

Bobby Orr

Chuirfeadh 15,000 duine an áit sin thar maoil agus bhíodh sé go boimbéal chuile oíche.

Ba bheag an t-iontas sin. Ba iad na Celtics an fhoireann ba rathúla i mBostún leis na déaga de bhlianta roimhe sin. Bhuaigh siad Craobh Náisiúnta an spóirt sin 11 uair idir 1957 agus 1969 – ocht gcinn acu sin as a chéile agus bhí a gcraobh féin tugtha leo ag na Bruins i 1970 agus i 1972.

Ba imreoir dá gcuid siúd a raibh Bobby Orr mar ainm air an páistín fionn a bhí i mBostún ag an am sin – eisean a scóráil cúl an bhua nuair a thug na Bruins leo an Stanley Cup in aghaidh St Louis i 1970 agus in aghaidh na New York Rangers i 1972.

Cosantóir a bhí in ainm agus a bheith ann, ach ní hamháin go raibh sé thar a bheith ábalta ar chúil a scóráil ag ceann eile na rince, ach sa tréimhse atá faoi chaibidil agam, bhí dhá shéasúr ann nuair ba é ba mhó a rinne scóráil san NHL, rud nach ndearna aon chosantóir eile roimhe ná ó shin. I gcluiche amháin bhí oiread teannaidh le hiarraidh a bhuail Orr go ndearna an poc dhá leath glan de mhaide an té a bhlocáil é.

Ba é siúd mo laochsa agus os cionn dhá scór bliain ina dhiaidh tá cuimhne agam ar chuid mhaith díobh siúd a d’imir in éindí leis agus torann thraenacha na cathrach le cloisteáil aníos tríd an urlár as North Station a bhí thíos faoin Boston Garden – Phil Esposito, Ken Hodge, Derek Sanderson agus an báireoir Gerry Cheevers.

Bhí athruithe suntasacha ag teacht ar an bpeil Mheiriceánach tráth an ama a bhfuil mé ag caint air.

Na Boston Patriots a bhí ar an bhfoireann peile a bhí i mBostún ón mbliain 1959 agus iad faoi úinéireacht chuid de threibh na Súilleabhánach a raibh gnó clódóireachta acu sa gcathair. Ansin i 1970 tháinig na heagraíochtaí éagsúla peile le chéile agus chuir an leagan amach atá inniu air ar an NFL.

Ar cheann de na rialacha a leagadar siúd síos bhí nár mhór do chuile fhoireann a bhí sa tsraith staid a bheith acu ina mbeadh áit suite ann ag 50,000 ar a laghad. Ní raibh a leithéid sa gcathair agus go deimhin bhí blianta caite ag na Boston Patriots ag dul ó áit go háit ar bheagán ratha – Fenway Park agus Harvard Stadium ar phéire acu. Dá bharr sin i 1970 thóg na Súilleabhánaigh staid nua i mbruachbhaile Foxborough, atá timpeall 25 míle ó lár na cathrach i mBostún.

D’athraigh siad ainm freisin. Na New England Patriots a bhí le tabhairt feasta orthu féachaint le lucht leanta a mhealladh freisin as na stáit eile atá sa gceantar sin – Connecticut, Maine, New Hampshire, Rhode Island, agus Vermont – beartas críonna nuair a chuimhníonn tú go raibh an staid nua chomh gar do Providence RI agus a bhí sé do lár Bhostúin.

Bhí dúbailt tagtha ar an lucht féachana faoin am ar shroich na Patriots an Super Bowl den chéad uair ariamh i 1986 agus é díolta ag na Súilleabhánaigh faoin am ar tharla sin arís i 1997.

Jim Plunkett

Faoi úinéireacht Robert Kraft, fear gnó as Bostún féin, ceapadh Bill Bilicheck ina chóitseálaí ar an gclub i mbliain na mílaoise agus in imeacht ceithre bliana bhuaigh siad an Super Bowl faoi thrí (2002, 2004, 2005) agus arís arú anuraidh. ’Sé ceann an Domhnaigh seo ag teacht an seachtú ceann atá bainte amach acu faoi cheannas Bilicheck. Tá an dearg-ghráin ag daoine go leor lasmuigh dá n-abhantrach féin ar na Patriots. Tá cuid acu sin in éad leo. Tuilleadh fós a chuireann séitéireacht ina leith – gearradh fionraíocht ar an imreoir is cáiliúla atá acu, Tom Brady, ag tús an tséasúir seo as a bheith ag ligean beagán aeir as na liathróidí agus cuireadh i leith lucht ceannais na foirne go raibh siad ag cúl-éisteacht le taicticí imeartha a gcéilí comhraic agus ag déanamh fístéipeáil i ngan fhios ar a gcuid seisiún traenála siúd.

Le linn m’achairse i mBostún, ba é Jim Plunkett an ceathrúchúlaí a stiúraigh na Patriots sna seachtóidí agus ba eisean laoch mo chara Charlie.

Fearacht an Bhrádaigh a dhéanfaidh sin Dé Domhnaigh seo chugainn, ba de mhianach na tíre seo Plunkett freisin agus ba i California a saolaíodh an bheirt. Mórán an déanamh céanna orthu freisin, tuairim 6’ 4” ar airde agus 14½ clocha meáchain.

D’fhág an choraíocht a bhí le déanamh ag an bPluincéadach leis an saol le linn a óige gurbh amhlaidh gur mó meas a bhí ag mo chara air – fear carthanach, grádiaúil, macánta ab ea é féin.

Bhí mianach an Mheiriceánaigh Dhúchasaigh i máthair an Phluincéadaigh a chaill amharc na súl agus í ina cailín óg. Bhí a athair dall nach mór ón am ar rugadh eisean. D’fhág sin gur bheag airgead a bhí acu agus Jim agus a bheirt deirfiúracha ag éirí aníos agus bhí an t-athair ar shlí na fírinne faoin am ar thosaigh a mhac ag saothrú airgead maith.

Idir 1971 agus 1975 a d’imir Jim Plunkett leis na Patriots agus nuair a d’fhill sé ar California ina dhiaidh sin bhuaigh sé Super Bowl leis na San Francisco 49ers i 1981 agus leis na Raiders trí bliana dár gcionn. Maireann sé i California i gcónaí agus níl easpa ná éagaoin air.

Faraor, tá Charlie ar shlí na fírinne le tamall de bhlianta anois, ach beidh seisean agus Jim Plunkett i mo cheann i lár an mheán oíche Dé Domhnaigh seo chugainn.