Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i nGaillimh Thiar, ach cé a dhéanfadh an beart?

Tá Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas ar cheann de dhá cheann déag de thoghcheantair ina mbeifear ag súil leis an dara suíochán d'Fhianna Fáil, a deir Micheál Martin, ach cé a bheidh san iomaíocht?

Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i nGaillimh Thiar, ach cé a dhéanfadh an beart?

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil lucht ceannais Fhianna Fáil ag éileamh go mbeadh dhá shuíochán ag an bpáirtí i nGaillimh Thiar sa chéad olltoghchán eile.

Chuir ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin an dualgas sin ar an eagraíocht sa toghcheantar le gairid.  Bhí  Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas ar cheann de dhá cheann déag de thoghcheantair ina mbeifear ag súil leis an dara suíochán ó Fhianna Fáil, a deir Martin. 

An bhfuiltear in ann an beart sin a dhéanamh agus cé hiad na hiarrthóirí a bheadh ábalta an dúshlán sin a fhreagairt in i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas?

Bhí dhá shuíochán as trí cinn ag Fianna Fáil i chuile olltoghchán i nGaillimh Thiar idir 1937 (nuair a bunaíodh an toghcheantar) agus 1973.  Méadaíodh líon na suíochán go cúig cinn i 1977 agus bhíodh trí shuíochán ag Fianna Fáil sna toghcháin ina dhiaidh sin nó gur imigh Bobby Molloy uathu go dtí na Progressive Democrats i 1986. 

As sin amach bhí an páirtí sin taobh le dhá shuíochán go dtí 2011 nuair a thit an drioll ar an dreall orthu. Laghdaíodh an ionadaíocht an uair sin go dtí duine amháin – Éamon Ó Cuív.  Tá seisean ina chadhan aonair acu i nDáil Éireann ó shin agus níl an méid sin sách maith,  dar le Micheál Martin.

Le seachtain anuas, agus sioscadh níos mó chuile áit faoi olltoghchán, tá Fianna Fáil ar an aireachas agus más leo an geall a thabhairt leo an chéad uair eile, is cinnte nach mór dóibh a bheith ag buachan suíocháin bhreise in áiteanna mar Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.

Chuadar gar go maith don dara suíochán sa toghcheantar anuraidh, rud nach raibh súil leis.  Bhíodar chun cinn ar Fhine Gael – más de bheagán féin é – ar an líon vótaí a caitheadh ar an gcéad chomhaireamh, ach sa deireadh bhí dhá shuíochán ag Fine Gael agus fágadh Fianna Fáil taobh le ceann.  

Tá eireaball ar an scéal sin freisin.

Bhí triúr iarrthóirí ag Fine Gael,  Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, Hildegarde Naughton atá anois ina Teachta Dála, agus an Seanadóir John O’Mahony.  Ach, i ndáiríre, ceathrar as cúlra Fhine Gael a bhí sa rás, ó tharla go raibh Fidelma Healy-Eames, a bhí ina Seanadóir san am sin,  ina hiarrthóir freisin.  Sheas Healy-Eames mar neamhspleách ach ba ghearr roimhe sin ó bhí sí le Fine Gael.  Cuireann an meascán sin iarrthóirí cruth eile ar an tacaíocht a bhí ag Fianna Fáil agus Fine Gael i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas anuraidh.  

De réir na bpobalbhreitheanna, tá borradh i bhfad níos fearr faoi Fhianna Fáil anois.  Creideann go leor de lucht Fhianna Fáil féin gurb é an t-olltoghchán atá amach romhainn, más luath nó mall é sin, an deis is fearr a bhí ag Fianna Fáil le scaitheamh maith le cur leis an líon teachtaí Dála atá acu i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.

Cé mhéad iarrthóir a d’fheilfeadh agus cé hiad na hiarrthóirí a dhéanfadh an beart dóibh?

Ní lia duine ná tuairim agus tá tuairimí go leor i measc lucht an pháirtí – beirt, a deir cuid acu, tá triúr luaite ag daoine eile agus tá roinnt eile fós a bheadh i bhfabhar ceathrar iomaitheoirí.  Ar ndóigh, beidh an áit a mbeadh na hiarrthóirí sin lonnaithe ina chnámh spairne freisin agus caithfear súil a choinneáil ar an gcoibhneas inscne.

An t-aon rud gur féidir glacadh leis faoi láthair i dtéarmaí polaitíochta ná go mbeidh an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív ina iarrthóir.  Tuigtear go bhfuil caint i gcathair na Gaillimhe gur leor beirt iarrthóirí agus gur fearr an seans a thabharfadh sin don pháirtí an dá shuíochán a bhaint.  Chuile sheans gurb é an comhairleoir cathrach, Peadar Ó Catháin, rogha thromlach lucht Fhianna Fáil sa gcathair.  Eisean agus Ó Cuív?  Ar éigean é.   

In iarthar Chonamara, tá sé ráite ag cruinnithe cumainn de chuid an pháirtí ag Mary Corbett-Joyce as an gClochán go bhfuil fonn uirthi féin iarraidh a thabhairt faoi ainmniúchán.  Dúirt sí an rud céanna anuraidh freisin ach tharraing sí a hainm siar sa deireadh.   Dá bhfaigheadh sí ainmniúchán bheadh beirt iarrthóirí i gConamara, í féin agus Éamon Ó Cuív.  Chaithfí iarrthóir cathrach a roghnú ansin agus chuile sheans gurb é an Cathánach a bheadh i gceist. 

Ach d’fhágfadh sin an ceantar taobh thoir de Ghaillimh gan iarrthóir ar bith agus ó thaobh na tíreolaíochta, meastar gurbh fhearr iarrthóir i gConamara, iarrthóir sa gcathair agus iarrthóir ar an Eachréidh.  Tá ainm an Chomhairleora Martina Kinnane as Droichead an Chláirín tarraingthe anuas;  comhairleoir contae ábalta í agus bheadh buntáiste tíreolaíochta ann d’Fhianna Fáil chomh maith leis an gcothromas inscne.

 Ach tá cor eile á shamhlú a d’fhéadfadh na socruithe seo uilig a chur in aimhréidh.  Céard faoin Seanadóir Pádraig Ó Céidigh?

Bhí Pádraig Ó Céidigh as an Spidéal ar dhuine de cheapacháin an Taoisigh don Seanad ach ba é ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, a chuir ainm an Chéidigh faoi bhráid Enda Kenny.  An bhfuil Martin ag súil go dtabharfaidh an Céideach iarraidh faoin Dáil anois? 

Ceist níos gaire do bhaile, an mbeadh an Seanadóir Ó Céidigh sásta a dhul chomh domhain sin sa bpolaitíocht?  

Ní hionann an Seanad agus an Dáil ó thaobh ceangal polaitíochta agus pearsanta de; tá go leor cúrsaí gnó le láimhsiú ag an gCéideach agus ba dheacair dó cinneadh a thógáil go ngabhfadh sé céim eile sa bpolaitíocht. 

Ar ndóigh, d’fhéadfadh Martin baoite a chaitheamh ina threo agus leid láidir a thabhairt go mbeadh post aireachta – nó aireacht stáit láidir – ann dó dá dtabharfadh sé leis suíochán breise d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.  

Ar ndóigh, bhraithfeadh sin ar Fhianna Fáil a bheith i gceannas ar an gcéad Rialtas eile. Ní bheadh aon dabht ar dhuine ar bith ach go mbeadh an Céideach in ann ag aireachtaí éagsúla.  Tá muid i dtír na tuairimíochta anois ach, san am céanna, ní hamhlaidh gur phioc Martin ainm Phádraig Uí Chéidigh as hata gan cúis mhaith a bheith aige leis.

Thiocfadh ábhar eile chun cinn sa gcás agus go bhfaigheadh Pádraig Ó Céidigh aireacht; cá bhfágfadh sin Éamon Ó Cuív?   Glacann lucht tacaíochta Uí Chuív féin leis nach bhfuil an t-iar-aire i gcampa Martin i bhFianna Fáil. 

Dá fheabhas é Ó Cuív mar pholaiteoir, ní rud maith dó gur thit Fianna Fáil go dtí an chéim is ísle riamh i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar le linn a thréimhse mar Theachta Dála ansin.  Arb é an Céideach an fear leis an dara suíochán a bhaint amach dóibh, agus aireacht rialtais lena chois sin? 

Níl aon toghchán fógartha, ach ag léamh idir na línte, is féidir a rá go bhféadfadh sé a bheith spéisiúil i nGaillimh Thiar.