Diúltú tugtha ag an Údarás do mhaíomh Seanadóra go bhfuil ‘mí-úsáid’ á baint as oibrithe Gaeltachta

Tá ráite ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil ‘droch-choinníollacha oibre’ agus ‘pá an-íseal’ i gcuid de chomhlachtaí an Údaráis, ach deir an tÚdarás féin gur €41,000 an meánphá a íocadh le fostaithe ina gcliantchomhlachtaí anuraidh

Diúltú tugtha ag an Údarás do mhaíomh Seanadóra go bhfuil ‘mí-úsáid’ á baint as oibrithe Gaeltachta

Tá diúltú tugtha ag Údarás na Gaeltachta d’áiteamh Seanadóra go bhfuil “mí-úsáid” á baint as oibrithe i gcomhlachtaí Gaeltachta atá “ar phá an-íseal”.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil an eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta ‘ar life support machine’ de thoradh na gciorruithe atá déanta uirthi le tamall de bhlianta anuas, agus dúirt sé go bhfuil “droch-choinníollacha oibre” i roinnt de chliantchomhlachtaí an Údaráis.

Dúirt sé freisin nach í an Ghaeilge teanga oibre chuid de na comhlachtaí sin.

“Bheadh ceist agam maidir le cuid de na comhlachtaí atá ag teacht isteach le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta maidir leis na coinníollacha oibre atá ag na fostaithe sna comhlachtaí sin.

“Táimid ag feiceáil go bhfuil mí-úsáid, dar liomsa, á baint as daoine atá ar phá an-íseal in áiteanna nach í Gaeilge teanga oibre na n-ionad agus mar sin de,” a dúirt Ó Clochartaigh sa Seanad.

Ag tagairt dó do ráiteas Uí Chlochartaigh, dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie “nach eol” don eagraíocht “comhthéacs na cainte” a rinne an Seanadóir agus nach raibh “aon fhianaise maidir leis na líomhaintí” a rinne sé.

“Mar shampla thug suirbhé bliantúil 2016 na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta ar chliantchomhlachtaí an Údaráis le fios gur €41,000 an meánphá a íocadh le fostaithe,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir Gaeltachta nach raibh comhlachtaí áirithe a fhaigheann tacaíocht ón Údarás ag “caitheamh chomh maith sin lena bhfostaithe” agus mhaígh sé go raibh ceist ann faoi líon na ndaoine ón nGaeltacht a bhí fostaithe i gcomhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo.

Dúirt sé nach raibh an “an cineál méadú céanna” tagtha ar bhuiséad an Údaráis is a bhí tagtha ar bhuiséid Enterprise Ireland agus an IDA le roinnt blianta anuas agus go raibh “géarghá aige [an tÚdarás] le breis acmhainní le gur féidir leis postanna a chruthú”.

Cé go bhfuil an tÚdarás anois ag plé leis an bpleanáil teanga, níl an eagraíocht “chomh gníomhach sna pobail is a bhíodh sí”, dar leis an Seanadóir. Dúirt sé go gcaithfí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do naíonraí na Gaeltachta agus do na comharchumainn Ghaeltachta atá “ar an ngannchuid” agus cúraimí breise orthu i dtaobh na pleanála teanga.