Breith ‘stairiúil’ san Ard-Chúirt ar maidin agus a gcás in aghaidh Stormont buaite ag Conradh na Gaeilge

Chinn an Breitheamh Paul Maguire gur theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh

Breith ‘stairiúil’ san Ard-Chúirt ar maidin agus a gcás in aghaidh Stormont buaite ag Conradh na Gaeilge

Theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn.

Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste, ar maidin, i bhfabhar Chonradh na Gaeilge a thug cás cúirte in aghaidh an Fheidhmeannais an mhí seo caite.

Chinn an Breitheamh Paul Maguire inniu freisin gur theip ar an bhFeidhmeannas alt 28 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998 a chomhlíonadh, alt a chuireann dualgas ar an bhFeidhmeannas straitéis Ghaeilge agus straitéis Ultaise a thabhairt isteach.

Ba í sin an chéad uair go raibh Conradh na Gaeilge, a bheidh ag comóradh 125 bliain a bhunaithe an bhliain seo chugainn, os comhair na cúirte i gcás mar seo. Ba é Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge a shocraigh dul chun cúirte agus dúshlán an Fheidhmeannais a thabhairt.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín an Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar an 30 Eanáir 2015. Ar an 10 Márta 2016, dhiúltaigh an Feidhmeannas don Straitéis agus don Acht Gaeilge atá molta don Tuaisceart.

Tá “fáilte ollmhór” curtha roimh an gcinneadh “stairiúil” ag Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, an Dochtúir Niall Comer.

“Is cinneadh é seo a léiríonn gur féidir linn cásanna faoin Ghaeilge a bhaint ó thuaidh. Chreid Conradh na Gaeilge riamh nach raibh gá leis an chás seo, go raibh na dualgais ar an Fheidhmeannas ríshoiléir ón tús, dualgais a d’eascair ó Chomhaontú Chill Rímhinn.

“Seachas a chuid dualgas a chur i bhfeidhm le deich mbliana anuas, chuir páirtithe áirithe i gcoinne Straitéis forbartha don teanga. Ciallaíonn an cinneadh inniu, áfach, go gcaithfear deireadh a chur leis an moill agus leis an chur i gcéill,” a dúirt sé.

Cuirfear spéis nach beag i dtoradh an cháis cúirte i bhfianaise a lárnaí is atá an Ghaeilge i gcúrsaí polaitíochta ó thuaidh i láthair na huaire agus mar gheall gur inniu a thosaigh comhaireamh na vótaí sa toghchán.

Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh ó d’fhógair an t-iar-aire Pobal Paul Givan nach mbeadh sparánachtaí Gaeltachta na scéime ‘Líofa’ ar fáil in 2017. Luaigh an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness chomh maith “biogóideacht” an DUP i leith na Gaeilge ina litir éirí as an mhí seo caite agus tá agóidí agus feachtais teanga ar bun ó thuaidh ó shin.

Bhí an teanga ina cnámh spairne san fheachtas toghchánaíochta. Dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach dtacódh a páirtí go deo le hAcht Gaeilge ó thuaidh agus gur geall le crogaill iad Sinn Féin agus iad ag iarraidh gan stad. Mhaolaigh sí a cuid cainte de bheagán ina dhiaidh sin agus dúirt sí go raibh an DUP i gcoinne an Achta mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid agus nach raibh aon naimhdeas aici don Ghaeilge.

Tá costas an Achta á phlé ó thús an fheachtais freisin agus figiúirí éagsúla luaite leis ag polaiteoirí aontachacha agus poblachtacha araon. Maíonn an DUP gur £100 milliún sa bhliain a chosnódh a leithéid d’Acht, ach deir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge gur lú ná £5 milliún sa bhliain a bheadh i gceist.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, gur “cás iontach simplí” a bhí sa chás a bhí os comhair na hArd-Chúirte. Dúirt sé go bhfuil “géarghá” anois le straitéis a chur i bhfeidhm “gan mhoill”.

“Neartóidh an Straitéis an fhorbairt phobalbhunaithe ó thuaidh trí acmhainní agus infreastruchtúr an stáit a sholáthar do phobal na Gaeilge. Tá muid ag caint ar rudaí simplí bunúsacha anseo, a bhaineann le páistí, an Ghaeilge sa bhaile, infheictheacht na teanga srl; rudaí a mbeidh tionchar dearfach soiléirithe acu do na daoine sin ar suim leo a saol a chaitheamh trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt POBAL, an t-eagras abhcóideachta, gur chúis “cheiliúrtha” a bhí gcinneadh na hArd-Chúirte inniu gur theip ar an bhFeidhmeannas ina chuid dualgas i leith na Gaeilge le 10 mbliana anuas.
Dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL gur “breithiúnas dearfach” a bhí ann ach go bhfuil roinnt ceisteanna fós le freagairt.

“An nglacfar leis an straitéis a cuireadh rompu roimhe seo, agus mura nglacfar, cé a bheidh freagrach as an straitéis a scriobh agus cé chomh fada is a ghlacfaidh sé sin?” a d’fhiafraigh Janet Muller.