An scéal agus a shuíomh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht cruthaitheach. An tseachtain seo: ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige

An scéal agus a shuíomh

Tá tús á chur agam le húrscéal nua faoi láthair. De réir a chéile. Níl focal ar phár agam fós agus ní dócha go mbeidh bailchríoch ar an saothar go ceann cúpla bliain, ach, céim ar chéim, tá an réamhobair á déanamh agam.

Ceann de na mórcheisteanna a bhíonn le réiteach sula luíonn scríbhneoir isteach ar shaothar nua ar bith ná suíomh an scéil. Cé go mbíonn tús áite ag carachtair agus plota go hiondúil sa chaint a dhéanann scríbhneoirí faoina gceird, is é suíomh an scéil thar aon ghné eile, dar liom, a chothaíonn an ‘bhrionglóid fhicseanúil’ a chuireann an léitheoir faoi dhraíocht ó thús deireadh. Mura mbeireann suíomh scéil greim ar an léitheoir le mionchur síos samhlaíoch – nó níos measa fós, má bhíonn neamhréir sa chur síos céanna – ní bhíonn an léitheoir sásta a amhras a dhíbirt agus leagfaidh sé uaidh an leabhar.

Ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, mar sin, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige.

Ar ndóigh, ní gá go mbeadh suíomh gach scéil ar fáil san fhíorshaol. Smaoinigh ar an bhficsean eolaíochta, mar shampla, nó go deimhin ar scéal ar bith atá suite in aois eile.

Níl suíomh an úrscéil dheireanaigh agam féin, An Tearmann, ar fáil san fhíorshaol ach an oiread. Cé go bhfuil suíomhanna mar é ar fáil in áiteanna éagsúla sa Bhrasaíl, mar a bhfuil an t-úrscéal sin suite, chum mé láthair thíreolaíoch nua as an bpíosa chun an scéal a lonnú ann.

Tharla go raibh suíomh An Tearmann ar cheann de na gnéithe ba mhó a bhfuair mé aiseolas dearfach ina dtaobh ó léitheoirí, ach bhí an t-uafás oibre agus struis i gceist leis. Rinne mé mapa agus chonaic mé leagan amach na háite go soiléir i m’aigne féin, ach bhí mé i gcónaí buartha go mbeadh lúb ar lár – go scríobhfainn gur ó thuaidh a bheadh duine ag dul nuair is ó dheas a bheadh sé ag dul dáiríre, agus mar sin de.

Bhí dúshlán eile ag baint le gearrscéal fada a scríobh mé ina dhiaidh sin agus a bheidh i gcló roimh dheireadh na bliana. Tá cuid mhór den scéal sin suite i mbaile atá ann san fhíorshaol ach nach raibh mé ann riamh, agus nach mbeinn in ann sciurd taighde a thabhairt air toisc go bhfuil an baile sin ar an taobh eile den domhan.

Tharla go raibh mé sa mhór-réigiún ina bhfuil an baile sin suite cúpla uair nuair a bhí mé óg agus go bhfuil cuimhne mhaith agam ar an tírdhreach agus ar atmaisféar ginearálta na háite, agus ar ndóigh, tá Google Maps agus an Vicipéid ann. Níor leor sin, áfach, nuair a bhí orm carachtair a chumadh a rugadh agus a tógadh sa bhaile áirithe sin.

Ach is iontach an áis é an t-idirlíon. Mar sheift, thosaigh mé ag breathnú ar nuacht áitiúil an mhór-réigiúin ina bhfuil an baile suite. De réir a chéile (bhreathnaigh mé ar an gclár nuachta sin lá i ndiaidh lae, ar feadh breis agus bliain) fuair mé léargas, ní hamháin ar an mbaile ach ar mhuintir na háite. Sa deireadh, sílim gur éirigh liom an baile a léiriú go ficseanúil, ach arís, bhí an t-uafás oibre i gceist.

Sin an fáth gur theastaigh suíomh simplí uaim do mo chéad úrscéal eile. Suíomh chomh simplí sin go bhféadfainn siúl tríd ar mo dhá chos féin. Bhí a fhios agam cheana féin gur in Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm, a bheadh an scéal nua suite, ach bhí saincheantar sa chathair le roghnú agam fós. An tseachtain seo caite, léim mé ar mo rothar, féachaint an aimseoinn áit a mbeadh na comhábhair ar fad a theastódh uaim don scéal ar fáil ann. Turas leathuair an chloig ó m’árasán, tháinig mé ar shuíomh foirfe. Cuirfidh an taighde ar fad crampa i mo cholpaí, ach cén dochar. Ar a laghad ní bheidh faitíos orm go mbeidh lúb ar lár sa chur síos ar shuíomh an scéil – beidh mé in ann gach uile orlach de a sheiceáil le mo dhá shúil féin pé uair a mbeidh gá leis.