An bhfuil rialtas againn dáiríre agus an cuma mura bhfuil?

Dírítear ár n-aird ar phearsantachtaí mar nach bhfuil aon athrú ag teastáil uathu siúd ar leo na meáin

An bhfuil rialtas againn dáiríre agus an cuma mura bhfuil?

Sam Boal/RollingNews.ie

Is cosúil go bhfuil sos beag againn ón scleondar faoi cheannaireacht Fhine Gael agus faoi cé acu Simon nó Leo nó duine eile a thiocfaidh i gcomharbacht ar Enda Kenny.  Agus is cosúil go bhfuil sos beag á ghlacadh freisin maidir le gníomhú an rialtais go dtí go bhfillfidh Enda Kenny ar ais ó Mheiriceá tar éis Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán.

Ach níl aon sos i ndán dóibh siúd atá thíos leis na géarchéimeanna leanúnacha i gcúrsaí tithíochta, sláinte, fostaíochta agus eile, agus ní cosúil go ndéanfaidh sé aon difear cén duine a bheidh ina cheannaire ar Fhine Gael fad is atá na fadhbanna ann.

Ar deireadh thiar, tá na hiarrthóirí go léir aontaithe faoi bhunfhealsúnacht an rialtais, agus leanfar mar sin leis na polasaithe céanna a thugann tús áite i gcónaí do riachtanais an mhargaidh is do leas na ndaoine a bhfuil airgead acu.

Mar shampla, tá tús curtha leis an mbinse fiosrúcháin faoi chás Maurice McCabe, an scéal a chuirfidh deireadh le Enda, b’fhéidir. Ach fiú gan aon bhinse fiosrúcháin againn, is léir go bhfuil athchóiriú iomlán ag teastáil ar na leibhéil is airde sa Gharda Síochána.

Níl aon chaint, ámh, faoina leithéid.  Níl éinne i bhFine Gael ag fógairt go bhfuil an t-athchóiriú seo riachtanach; níl éinne ar an taobh eile á shéanadh. Níl a leithéid á phlé ar chor ar bith.

Tá oibrithe an chórais iompair ag dul amach ar stailc, ach tá an rialtas ag diúltú aon pháirt a ghlacadh in aon iarracht le fadhbanna na gcomhlachtaí a réiteach.

Tá Bus Éireann ag iarraidh tuarastail á laghdú agus iad ag iarraidh cur isteach chomh mór sin ar choinníollacha oibre go mbeadh lucht oibre na mbusanna ina mbochtáin faoi dheireadh. Cheana féin, ceadaítear do chomhlachtaí príobháideacha tuarastail níos ísle a íoc ná mar a cheadaítear i mBus Éireann, cinneadh a tógadh ar mhaithe le baint de chaighdeán na gcoinníollacha oibre i gcomhlacht poiblí.

Ach fós féin, aon uair a phléitear an scéal seo ar chor ar bith, labhraítear faoi amhail is gur scéal faoi chúrsaí gnó atá ann. Ach ní gnó é seirbhís riachtanach mar chóras bus faoin tuath. ’Sea, seirbhís phoiblí atá ann agus is cóir go n-íocfadh an stát as an tseirbhís sin a chur ar fáil.

Ach nuair a chuirtear na deontais a thugtar do Bhus Éireann, do Bhus Átha Cliath nó d’Iarnród Éireann i gcomparáid lena macasamhail i dtíortha eile na hEorpa, is léir go bhfuil siad níos ísle ná aon tír eile.

Mar shampla, ní fhaigheann Bus Átha Cliath ach 20% dá chuid ioncaim ón státchiste, i gcomparáid le 79%, mar shampla, i Lyon na Fraince.

Lena chois sin ar fad, tá fadhb na tithíochta fós gan réiteach agus tuairiscítear go bhfuil níos mó daoine anois gan áit chónaithe acu ná riamh. Arís, tá an stát ag diúltú tithe a thógáil, mar a tógadh sna 1940idí is eile. Caithfimid brath ar an margadh, a deirtear linn, agus spreagadh a thabhairt don rannóg phríobháideach.

Cúrsaí sláinte. Tá liostaí feithimh sna hospidéil méadaithe as cuimse, agus daoine anseo is ansiúd fágtha gan cóir leighis ar chor ar bith mar gheall ar an gcostas a bhaineann leis. An tábhachtaí ag na meáin cé a thiocfaidh i gcomharbacht Kenny ná na fadhbanna sin?

Tá ceangal amháin idir na scéalta seo go léir, ’sé sin go bhfuil an rialtas – agus Fianna Fáil ag tacú leo – meáite ar sheirbhísí poiblí a phríobháidiú, mar a dhéantar sna Stáit Aontaithe.

Mar bharr ar an donas, glactar leis anois nach ndéanfaidh an rialtas aon iarracht leigheas a fháil ar na fadhbanna seo, nó ar rud ar bith eile, go dtí go bhfillfidh Enda Kenny óna thuras go Washington chun tús ceart a chur le rás na ceannaireachta.

An bhfuil difríochtaí polasaí ann idir Simon Coveney agus Leo Varadkar?  Ní léir go bhfuil, ach níl éinne ag cur na ceiste sin ach an oiread.

Bhuel, tá eisceacht amháin ann: is ar Tuairisc.ie amháin a pléadh na difríochtaí eatarthu beirt maidir leis an nGaeilge. Tá dearcadh réasúnta fabhrach ag Leo Varadkar i leith na teanga, ach maidir le polasaithe i gcoitinne, dála Simon Coveney, tá sé go láidir den tuairim nár chóir don stát ról gníomhach a ghlacadh i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta.

Tá teagasc Mhargaret Thatcher dulta go smior iontu beirt.

Agus sin é an fáth go ndírítear ár n-aird ar phearsantachtaí, mar nach bhfuil aon athrú ag teastáil uathu siúd ar leo na meáin.

An pholaitíocht úr atá i gceist nuair a leantar leis an seanmodh oibre, is nuair a leantar leis an tseanstíl iriseoireachta chomh maith?

Is í an fhírinne bhrónach í, nach mbeidh aon athrú ná feabhas ann ná aon leigheas ar na fadhbanna móra go dtí go n-éireofar as leas dream áirithe a chur chun cinn.  Go dtí go gcuireann muid leas an ghnáthdhuine roimh leas na ndaoine a bhfuil airgead acu, ní bheidh aon réiteach i ndán dár gcuid fadhbanna.

Ach ní tharlóidh sé sin mura bhfaighfear réidh leis na páirtithe sin a dhéanann cosaint ar lucht an tsaibhris agus an chumhacht atá acu.