An bhfuil a fhios agat cad é an sórt teanga a bheas agat gan Gaeltacht thraidisiúnta? Ultais…

Míorúilt atá san uile ghníomh teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, ach neamh atá sa Ghaeltacht féin – agus bíonn gach aon duine ag iarraidh dul ar neamh, nach mbíonn?

An bhfuil a fhios agat cad é an sórt teanga a bheas agat gan Gaeltacht thraidisiúnta? Ultais…

Cluinim an líne cháiliúil sin as Juno and the Paycock i mo chloigeann am ar bith a chuireann daoine ceist orm faoi cad is Gaeltacht ann: “Ah, that’s the question, that’s the question — what is the stars?”

Tháinig an líne chun cuimhne arís an tseachtain seo caite agus “What constitutes a Gaeltacht?” faoi chaibidil ag Teachtaí Dála, ina measc an Taoiseach, Enda Kenny. Bhí an Taoiseach den tuairim go raibh áiteanna i mBaile Átha Cliath a raibh níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná mar a bhí i gceantair áirithe Ghaeltachta.

Ná habair! I ndáiríre! Bhuel, anois.

Déarfainn go raibh an ceart aige – ach déarfainn, lena chois sin, go mbíonn níos mó daoine le feiceáil in Abrakebabra oíche Aoine ná mar a chónaíonn i mórán ceantar Gaeltachta ar feadh na bliana. Tá drochdhóigh ar chuid mhór ceantar Gaeltachta agus bhí le fada.

Cad chuige a mbíonn níos mó daoine ag caint Gaeilge i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta? Siocair, b’fhéidir, go bhfuil cónaí ar níos mó daoine i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta?

Cad chuige a mbíonn níos mó daoine ina gcónaí i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta? Siocair, b’fhéidir, gur sin an áit a bhfuil an obair, na cúrsaí ollscoile, na deiseanna?

Cad é go díreach a rinne an Taoiseach agus a Rialtas le feabhas a chur ar chúrsaí Gaeltachta? Chan mórán le bheith macánta. Ní dream iad pobal na Gaeltachta ar thug an Rialtas seo, nó mórán rialtas eile, aird mhór orthu. Seanscéal agus meirg air faoin am seo an ‘cúpla focal’ moltach i leith thábhacht na Gaeltachta, an straitéis nua, an plean cuimsitheach radacach, an fhís don aois nua agus blá blá blá blá blá…

Moltar an Ghaelscoil áitiúil. Moltar gach aon uile dhuine taobh amuigh den Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge lena gcuid páistí, moltar gach aon mhúinteoir i mbun ranga, moltar gach aon duine a scríobhann i nGaeilge. Is geall le míorúilt gach aon uile ghníomh acu sin.

Ach tuigimis seo. Tá níos mó Gaeilge agus í ann níos faide sa cheantar Gaeltachta is lú, is laige, is briste, is bearnaí ná mar atá i mórán áiteanna i mBaile Átha Cliath ná Béal Feirste ná Corcaigh ná Sligeach…

Tá mise i mo chónaí i gceantar beag tuaithe agus meastar go bhfuair an teanga bás ann os cionn 160 bliain ó shin. Bím ag caint Gaeilge le comrádaí anois agus arís. Bíodh is nach bhfuil ann ach sráidbhaile beag, tá níos mó Gaeilge á labhairt againn ná mar atá le fáil i mórán áiteanna i mBaile Átha Cliath! (Bíodh agat, a chathair mhór!) Ach ní Gaeltacht muid agus níl muid inár gcónaí i nGaeltacht, is cuma cá mhéad uair a dhéanann muid trácht ar Sheosamh Mac Grianna agus Rann na Feirste.

Ní cúiteamh é an comhrá beag s’againne ar an cheantar cheart Gaeltachta a cailleadh, ar an teanga dhúchais a tostadh, ar na cainteoirí a bhí ann fadó fadó fadó…

Moltar gach aon duine a labhraíonn an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach moltar faoi chéad míle na cainteoirí dúchais sin a bhfuil an teanga acu go fóill, in ainneoin na n-ainneoin. Spreagadh atá de dhíth orthu, chan díspreagadh.

Míorúilt atá san uile ghníomh teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach neamh atá sa Ghaeltacht féin – agus bíonn gach aon duine ag iarraidh dul ar neamh, nach mbíonn?

An bhfuil a fhios agat cad é an sórt teanga a bheas agat gan Gaeltacht thraidisiúnta?

Ultais!

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar The Irish Times