30 bliain ó shin bhí aird na tíre ar chonspóid teanga i mbunscoil Ghaeltachta. Níl le cloisteáil anois inti ach an ghaoth…

Tá an ghaoth ag baint tormán as beanna scoil Dhoire Bhó Riada anois - glórtha na ngasúr scoile imithe agus an t-aighneas a chur an scoil ar léarscáil na hÉireann deich mbliana fichead ó shin ciúnaithe

30 bliain ó shin bhí aird na tíre ar chonspóid teanga i mbunscoil Ghaeltachta. Níl le cloisteáil anois inti ach an ghaoth…

D’fhéadfadh sé go bhfuil ré nua i ndán do scoil Dhoire Bhó Riada, an t-ionad Aifrinn i gceantar Bhun na gCnoc i gConamara a raibh raic agus aighneas ag baint léi deich mbliana fichead ó shin.  Teanga an Aifrinn a tharraing an t-aighneas i dtús na 1980idí, ach tá an saol sin imithe agus níl deoraí ag baint leasa anois as an scoil faoi bhun na gcnoc.

Bunscoil Ghaeltachta a bhí i nDoire Bhó Riada nó gur dúnadh í i ndeireadh na 1970idí.  Tógadh scoil nua gar don bhóthar mór agus ba chuici sin a chuaigh gasúir Bhun na gCnoc agus cheantar Shraith Salach uilig ina dhiaidh sin. 

Ba sa scoil nua sin a tharla an t-aighneas a tharraing aird náisiúnta ar an taobh sin tíre. Athraíodh teanga teagaisc na scoile go Gaeilge agus dhiúltaigh formhór thuismitheoirí na háite a gcuid gasúr a chur chuig na ranganna ní ba mhó.  Dúradar go raibh cúiseanna eile acu leis an socrú a rinneadar, ach níor tugadh aon eolas go poiblí fúthu sin.

Cé gur choinnigh an Príomhoide, Bríd Ní Dhomhnaill, uirthi ag teacht isteach chun na scoile, dúnadh an scoil uilig i dtús na 1990idí agus tá an Sraith Salach gan bunscoil ó shin.

Ach san am céanna a raibh an t-aighneas ar bun sa mbunscoil nua, bhí ceist na Gaeilge ag brúchtaíl ag Aifreann an Domhnaigh i seanscoil Dhoire Bhó Riada.  Bhíodh aifrinn i gcuid mhór scoileanna tuaithe san am agus bhí Doire Bhó Riada ar cheann acu.  Rinne Bríd Ní Dhomhnaill agóid ag an Aifreann agus í ag iarraidh gur i nGaeilge uilig a bheadh an searmanas.  Le himeacht aimsire fuarthas réiteach ar an gceist sin agus shocraigh Ard-Easpag Thuama, Seosamh Ó Casaide, go dtiocfadh sagart éigin a raibh Gaeilge aige ann chuile dheireadh seachtaine leis an Aifreann a léamh.

Ní léitear Aifreann ar bith i nDoire Bhó Riada anois.  Tuigtear gur fíorchorr duine a bhíodh ag dul ann sna blianta deireanacha agus shocraigh an sagart pobail i gCloch na Rón nárbh fhiú leanacht ar aghaidh leis. Baineann an Sraith Salach agus Bun na gCnoc le pobal eaglasta Chloch na Rón. 

Bhíodh séiplíneach lonnaithe ar an Sraith Salach sna  blianta a caitheadh ach níl i bpobal Chloch na Rón uilig anois ach sagart amháin san áit a mbíodh triúr go dtí cúig bliana fichead ó shin. 

Go deimhin, tugann pobal Chloch na Rón léargas ar dhá athrú sóisialta faoin tuath in Éirinn: tá an daonra laghdaithe go mór agus tarlaíonn sé gur sagart as an bPolainn atá ina shagart pobail ann anois – an tAthair Kyzysztof Sikora.   

Níl seisean i bhfad tagtha ach is fear é a bhfuil meas air san áit agus tá suim aige sa nGaeilge freisin – cé nach féidir a bheith ag súil go mbeadh sé ábalta ar an teanga, fós ar chuma ar bith. 

Tá an tAthair Sikora, a chaith tamall i Maigh Eo, tagtha anois go dtí an pobal eaglasta is fairsinge in Éirinn uilig, de réir scéil.  Síneann an pobal sin as imeall thiar Chloch na Rón amach chomh fada leis na Beanna Beola, soir go Bun na gCnoc agus amach sléibhte Mhám Tuirc, san áit a bhfuil Mám Éan suite. Tá cúig theach pobail ann agus maoin eile de chuid na heaglaise lena chois sin.

Tá fadhb ann – fadhb a gcaithfidh pobail eile díriú uirthi go gairid.  Níl sé d’acmhainn ag pobal atá gaibhte chun deiridh ó thaobh daonra de an mhaoin seo a choinneáil i gcóir.

Mar shampla amháin, cosnaíonn árachas ar thithe pobail agus ar thithe atá taobh leo os cionn €10,000 sa mbliain.  An pobal féin a chaithfidh an t-airgead sin a chur ar fáil chomh maith le cistí eile. 

Is mór i gceist an “réadúlacht” ag an Athair Sikora agus creideann sé go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo chomh luath agus is féidir.

An chéad mholadh ná go ndéanfaí beart éigin faoi Scoil Dhoire Bhó Riada agus faoi theach an tsagairt ar an gCaiseal.  Tá an teach sin tréigthe ó fágadh an Caiseal sin gan séiplíneach sna 1990idí. 

Céard atá le déanamh leo?

Ceist í seo atá le plé ag cruinnithe a bheidh ann go gairid leis an bpobal.  Tá smaointe éagsúla ag teacht chun cinn ach beidh lámh ag Ard-Deoise Thuama sa scéal freisin.   B’fhearr le daoine go gcoinneofaí na foirgnimh atá ann agus go gcuirfí caoi orthu.  Sin rud a chosnóidh airgead agus beidh eagar agus obair ag baint leis; sin ualach trom ar phobal a bhfuil an daonra íslithe ann. Níl fios an mbeadh an Ard-Deoise sásta airgead a chur ar fáil i gcúinsí áirithe.  Ina dhiaidh sin, bheifí ag súil go mbainfí leis astu ar bhealach éigin. Níl tithe cónaithe ná tithe saoire curtha as an áireamh sa bplé.  Chaithfí íoc as an gcostas forbartha.

Tá an ghaoth ag baint formán as beanna scoil Dhoire Bhó Riada anois –  glórtha na ngasúr scoile imithe agus an t-aighneas a chur an scoil ar léarscáil na hÉireann deich mbliana fichead ó shin ciúnaithe. Níl ann uilig anois ach stair.